Antaibheathaigh agus Cógais

Is fadhb imníoch inár n-ospidéil agus ár bpobail iad breoiteachtaí de thoradh miocróib atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach. Déanann an chuid seo iniúchadh ar úsáid na n-antaibheathach agus na gcógas i ndéanamh cóireáil ar bhreoiteachtaí éagsúla agus ar ghalar tógálach.

Sa chleachtadh praiticiúil seo úsáidtear aigéid agus bunanna i bplátaí agair chun baictéir agus antaibheathaigh a ionadú. Ina ngrúpaí, déanann daltaí raon antaibheathach (tuaslagáin aigéid) a thástáil ar bhaictéir (táscaire i mbun agair) a saothraíodh ó shamplaí a tógadh ó othair agus déanann siad cinneadh faoin tinneas atá ar na hothair ón liosta a chuirtear ar fáil.

Sa ghníomhaíocht bhreise moltar do dhaltaí taighde a dhéanamh ar 'ábhair thráthúla' a bhaineann le húsáid antaibheathach sa lá atá inniu ann.

 

 

 

 

border border
border