junior banner
 

Sláinteachais Feirme

Is timpeallacht luachmhar foghlama í an fheirm a chuireann taithí dearfach agus taitneamhach ar fáil. Tá sé thar a bheith tábhachtach, a bheith ar an airdeall faoi na míocróib atá i dtimpeallacht na feirme, roinnt atá díobhálach don duine, chun a chinntiú go mbeidh cuairt ar fheirm taitneamhach agus slán

Iompraíonn ainmhithe feirme míocróib atá úsáideach agus díobhálach don ainmhí féin, ach is féidir leo muid a dhéanamh tinn má éiríonn leo dul isteach inár gcoirp. Is samplaí de mhiocróib díobhálacha iad E. coli, Salmonella agus Campalabaictéar.

Rannóg 2.4, Sláinteachas Feirme: Múintear do na daltaí go maireann miocróib úsáideacha agus díobhálacha i dtimpeallacht feirme . Foghlaimíonn na daltaí trí plé-ghrúpaí, (Líonrú shóisialta), agus cluiche cláir faoi aistear feirme, na rioscaí agus buntáistí a bhaineann le miocróib feirme éagsúla.